Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Chríochnaigh sí leis an mhóin agus chuaigh sí ag obair i teach osta Uí Bhreisleáin ina dhiaidh sin. Cur síos ar a cuid oibre ansin. Dhéanadh siad an níochán i dtubáin nó ag an abhainn. Chuireadh siad síos tine ansin leis an t-éadach a ní. Bhí an bus ag dul an t-am sin. Dar léi, gur mór an trua nach bhfuil an bus ag taisteal go fóill.
Nuair a bhí sí ag obair i dteach Uí Bhreisleáin, ní raibh fairsing iontach sa teach. Bhí scaifte beag maith acu ag obair ann, bhí obair chrua ann.
Bhí cúpla teach eile ina mbíodh tuilleadh seomraí ag bean an tigh agus bhí siad sin uilig ag glanadh fosta. | 00:07:38 | |
Thosaigh Johnny ag búistéireacht nuair a tháinig siad na bhaile in 1956. Tá cónaí orthu i mbaile Johnny, an áit ar as é. | 00:01:09 | |
Ag obair i dteach Mholloy, bhíodh sí ag tabhairt amach na teileagraim a bhí ag teacht do na daoine, bhí an chuid is mó acu ag teacht as Albain. Ag obair sa tsiopa, bhí achan rud le tomhas an t-am sin, bhí an tae agus siúcra déanta suas agus d’úsáidtí an páipéar arís le tabhairt leo na scoile. Ní raibh caitheamh ar bith ann. Bhí sean scoil ann (chauigh a hathair na scoile ann) agus cheannaigh Francie Molloy é agus rinne sé siopa as. Bhí cónaí agus siopa ann. Bhí plúr agus min le tomhas sa bhothán (shed), bhí ola amuigh sa bhairille. Bhí uibheacha le pacáil agus thagadh leoraí lena dtabhairt ar shiúl. Bhí siopa i dtigh Joe a Fríl agus i dtigh Mhicí fosta ag Sarah Bhilly agus Micí an Chóip, siopa stáin a bhí acusan. D‘oibir Joe a Fríl go crua. | 00:05:32 | |